Up (scannán)
Buneolas | ||
---|---|---|
Stiúrthóir | Pete Docter agus Bob Peterson | |
Príomhcharachtair | ||
Léiriú | Jonas Rivera | |
Script | Pete Docter agus Bob Peterson | |
Ceol | Michael Giacchino | |
Eagarthóireacht scannáin | Kevin Nolting (en) | |
Comhlacht léiriúcháin | Pixar | |
Dáileoir | Fórum Hungary agus Disney+ | |
Mionsonraí | ||
Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |
Céadléiriú | 29 Bealtaine 2009 | |
Fad ama | 96 min | |
Bunteanga | Béarla | |
Dath | daite | |
Buiséad | 175,000,000 $ | |
Tuilleamh | 735,099,082 $ (domhanda) 293,004,164 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) | |
Cur síos | ||
Seánra | scannán eachtraíochta, scannán grinn agus scannán fantaisíochta | |
Rátáil MPAA | PG | |
Príomhábhar | eitlíocht agus seanaois | |
Suíomh scéalaíochta | Meiriceá Theas, Veiniséala agus Stáit Aontaithe Mheiriceá | |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | ||
Ainmnithe do | ||
Gradam a fuarthas | ||
Suíomh gréasáin oifigiúil | pixar.com… | |
← WALL-E |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Sa bhliain 2009, rinne an stiúideo anamúlachta Pixar an scannán Up. Is iad greann, dráma agus eachtra na téamaí atá sa scannán. Is é an t-athrú a thagann ar an bpríomhcharachtar Carl Fredericksen mar gheall ar an ngaol atá idir é féin agus an príomhcharachtar eile Russell atá mar chroílár an scannáin seo. Sna 1930í, bhuaileamar le Carl. Buachaill óg le meon eachtrúil atá ann. Tá sé ag iarraidh a bheith ina thaiscéalaí, cosúil lena laoch mór, Charles Muntz. Buaileann sé le Ellie, cailín a bhfuil suim mhór aici i ag Charles Muntz freisin. Ligeann sí rún le Carl go bhfuil sí ag iarraidh a chlubtheach a bhogadh go dtí Paradise Falls, i Venezuela, mar beidh sí ina taiscéalaí nuair atá sí fásta, cosúil le Carl. Geallann Carl go dtabharfaidh sé cabhair di é a dhéanamh. Titeann siad i ngrá agus pósann siad a chéile nuair atá síad fásta suas. Déanann siad cúpla iarracht dul go Paradise Falls, ach níl siad in ann dul mar gheall ar chúiseanna difriúla. Tar éis tamaill nuair atá Carl agus Ellie cnagaosta, éiríonn Ellie tinn agus cailltear í. Tar éis cúpla bliain, tá Carl fós sa teach ach tá forbairt uirbeach timpeall an tí anois. Gortaíonn Carl tógálaí de thimpiste, ach ordaíonn cúirt go gcaithfidh Carl dul go teach cnagaosta. Déanann Carl cinneadh áfach chun dul go Paradise Falls in ionad an teach cnagaosta. Déanann sé teach aerárthach – úsáideann sé na mílte balún chun dul go Venezuela. Tógann na balúin an teach suas san aer (le Russell freisin, buachaill beag atá ball den Cumann Scabtha a bhí ag doras Carl ag an am), agus tosaíonn an eachtra. Tá an carachtar Carl bunaithe ar an aisteoir Spencer Tracy. Ba é Russell an chéad charachtar Áiseach a bhí sna scannáin Pixar riamh, rud a bhí molta ag an bpobal Áiseach Meiriceánach. Bhuaigh an scannán dhá Gradam Oscar sa bhliain 2009, agus ba é ‘Up’ an chéad scannán anamúlachta a bhuaigh an Gradam Scannán Is Fearr ó ‘Áille agus an Bhrúid’, sa bhliain 1991.