Uiscedhath
Cuma
Péinteáil ina n-úsáidtear dathanna atá measctha le meán atá intuaslagtha in uisce, cosúil le guma arabach. D'úsáidtí é sa tsean-Éigipt, an tsean-Sín, agus i léiriú lámhscríbhinní sa Mheánaois. Ní ghlactar le teampara ná guais mar fhíoruiscedhathanna, de bhrí go mbraitheann siad ar leachtdathanna tréshoilseacha ar pháipéir throma speisialta, bíodh siad bán nó bándaite go héadrom. Máistrí uiscedhatha ab ea Thomas Girtin (1775-1802), John Cotman (1782-1842) agus Joseph Turner (1775-1851).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Uiscedhath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |