William Faulkner
Scríbhneoir Meiriceánach ab ea William Cuthbert Faulkner (1897 – 1962). Do rugadh é ar an 25ú lá de mhí Mheán Fómhair i New Albany, cathair atá suite i Mississippi na Stáit Aontaithe, agus do fuair sé bás ar an 6ú lá d'Iúil i gcathair Byhalia, sa stát céanna. Cé gur chum sé cuimse saothar - úrscéalta, gearrscéalta, dánta, aistí, scripteanna scannáin agus dráma amháin ina measc - is é de bharr a chuid úrscéalta agus gearrscéalta gur bhain sé clú agus cáil dhomhanda amach dó féin mar scríbhneoir. Is iad na húrscéalta The Sound and the Fury (1929), A I Lay Dying (1930), Light in August (1932), Absalom, Absalom! (1936) agus an gearrscéal "A Rose for Emily" (1930) cúpla ceann desna saotharaibh is iomráití a scríobh sé. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1949.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |