Jump to content

William Bateson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Bateson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Lúnasa 1861
Whitby, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Feabhra 1926
64 bliana d'aois
Buirg Londan Merton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Naomh Eoin, Cambridge
Scoil Rugby Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaFrancis Maitland Balfour
Áit chónaitheSasana
Gníomhaíocht
Réimse oibreGéineolaíocht
Gairmgéineolaí, bitheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1880 –  1926
FostóirOllscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaReginald Crundall Punnett
Teaghlach
PáisteGregory Bateson Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Henry Bateson  agus Anna Bateson
SiblínMary Bateson, Margaret Heitland agus Anna Bateson
Gradam a fuarthas

Bitheolaí a saolaíodh i Whitby Shasana ab ea William Bateson (8 Lúnasa 18618 Feabhra 1926). Rinne sé taighde ar bhunúis eolaíoch na géinitice. Ba é Bateson a chum an focal "géinitic" sa bhliain 1907.

Bhí baint ag Bateson ar feadh a shaoil le St. John's College (Cambridge). Máistir ag St. John's a bhí ina athair, William Henry Bateson. D'fhreastail William ar Rugby School agus ansin St. John's College, mar ar bhain sé céim onóracha bhaitsiléara amach sa bhliain 1883.

Fuair sé post mar mhúinteoir ansin agus rinneadh comhalta an Choláiste de ní ba dhéanaí.

Géineolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh Bateson go dian chun teoiricí Gregor Mendel a chur chun cinn. Thaispeáin sé  gur trí na géinte a bhronntar cuid de thréithe an athar agus na máthar ar a gclann, i ndiaidh do Hugo de Vries agus Carl Correns teacht in athuair ar shaothar Mendel sa bhliain 1900.

William Bateson sa bhliain 1909 le Dennis G. Lillie

Rinne Bateson turais go dtí na Stáit Aontaithe agus an Áise Láir le taighde a dhéanamh.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "William Bateson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 65.