Ríthe na Mumhan
Bhí Ríthe na Mumhan i réim ó bhunús Ríocht na Mumhan le linn na hIarannaoise go dtí an ard-mheánaois. De réir seanchas na nGael, inste mar shampla i Leabhar Gabhála na hÉireann, ba é Bodhb Dearg na dTuath Dé Danann an rí is luaite. Thug na Dáirine (aitheanta fosta mar an Chorca Laidhe agus Uí Eidirsceoil sa lá atá inniu ann) roinnt luathríthe, Cú Raoi san áireamh. De réir Cath Maige Mucrama, thit na hÉarainn i léig sa 2a haois AD agus tháinig na Deirgtine, sinsir na nEoghanacht, i gceannas. Le linn an ama seo, ba chuid den Leath Mhogha é an cheantar úd, agus an chuid eile den tír, an Leath Choinn, go formhór faoi cheannas na gConnachta.
Nuair a cailleadh Osraí san oirthear, ceapadh Caiseal mar phríomhchathair na Mumhan ag na hEoghanachta. Bhí an chlann seo i gceannas kindred ruled gan aon bhriseadh go dtí an 10ú haois. Cé go raibh muintir Uí Néill i gceannas mar the Ard-Ríthe na hÉireann le linn an ama seo, sár-iomaitheoirí ab ea beirt Eoghanacht ar a laghad, Cathal mac Finguine agus Feilimí mac Criomhthainn.
Ba iad clanna Eoghanacht Chaisil (Uí Shúilleabháin agus Mic Cárthaigh mar ionadaithe), Eoghanacht Ghleanndamhnach (Uí Chaoimh) agus Eoghanacht Áine (Uí Chiarmhaic) na géaga is mó le rá sa treibh úd. Scaoileadh a leis a ngreim cumhachta ámh nuair a tháinig Brian Bóramha den Dál gCais chun cinn, a thóg clann Uí Bhriain isteach mar ríthe na Mumhan. Ag an am gcéanna, Munster had to contend with the Normannaigh.
Sa deireadh, tháinig an ríocht chun críche nuair a scaradh í (críochdheighilt na Mumhan) agus bunaíodh ríochtaí na Tuamhan, Deasumhan agus Urumhan. Tháinig an chéad dá cheann chun críche in am trátha sa 16ú haois, le bunú Ríocht na hÉireann, nuair a ceapadh na hiar-ríthe ina dTiarnaí na hÉireann. Bhí roinnt iarrachtaí chun cumhacht Ghaelach sa Mhumhain a athbhunú, amhail is ag Finghin Mac Cárthaigh agus Domhnall Cam Ó Súilleabháin Bhéara, ach theip orthu.
Ríthe ársa agus seanscéalacha na Mumhan
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bodhb Dearg, rí Sid Muman, agus níos déanaí rí Tuatha Dé Danann, i gcomharbacht ar an Daghdha
- Deda mac Sin, sinsear Clanna Dedad
- Íar mac Dedad, athair Eidirscéil agus seanathair Conaire Mhóir
- Dáire mac Dedad, sinsear na nDáirine
- Cú Raoi mac Dáire, rí agus/nó dia na Mumhan agus/nó sa Rúraíocht. De shliocht na nÉarann (nó Dáirine) ab ea é, an dream i dtreis sa Mhumhain go dtí na 6ú–7ú haoiseanna anuas
- Mogh Nuadhad, rí i seanscéalta Leath Mhogha. De shliocht na nDeirgtine, ach bheidís gur phearsa miotasach é
- Ailill Ólom mac Mogha, associated leis an mbandia, Áine.
- Lugaid mac Con, Ard-Rí Éireann agus mac altrama Ailealla. Sinsear na Corca Laidhe, príomhchlann na nDáirine sa Mhumhain
- Eoghan Mór mac Ailealla, a raibh na hEoghanachta ainmnithe as. I ndáiríre, bunaíodh na hEoghanachta ag Conall Corc, dubhó Eoghain Mhóir
- Fiacha Muilleathan mac Eoghain Mhóir, rí na nDeirgtine. B'fhéidir gur stairiúil é, ach ní fheictear é ach i seanscéalta
- Ailill Flann Beag mac Fiacha Mhuilleathain. Tá pas beag ar eoals faoi, ach amaháin gur uchtaigh a dheartháir níos sine, Ailill Flann Mór, é, agus gur tháinig a dheartháir úd i gcomharbacht air.
- Criomhthann mac Fiadaigh, Ard-Rí na hÉireann agus tailte thar lear, agus deartháir an bhandia agus/nó na banríona Moingfhionn. Maítear gur Eoghanacht é i nginealaigh níos deireanaí, ceithre aois agus é ar marthain
- Aonghas Bolg, rí déanach na nDáirine, sinsear na Corca Laidhe agus sinsear fosta na nEoghanacht Caisil trína iníon, Aimeann. Feictear é i luathscéalta maidir le Conall Corc
- Breasal mac Ailealla Thassaigh, b'fhéidir luath-rí Uí Liatháin. Banríon le Lóegaire mac Néill ab ea Angias, is dócha a dheirfiúr í
Ríthe stairiúla Caisil, na hIarmhumhan agus na Mumhan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh i ndáiríre fíor-ríthe na Mumhan ann go dtí an 7ú haois, nuair a briseadh an Chorca Laidhe as cumhacht, am éigin tar éis dóibh a ngreim ar an Osraí a chailleadh. Dá bharr, ní féidir a rá ach gur ríthe Caisil, na hIarmhumhan nó na nEoghanacht iad an chéad chúig rí is fiche ainmnithe thíos. Ba é Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh an t-aon eisceacht amháin, an chéad Eoghanacht ar leath a thionchar laistigh den Mhumhain, ach bhí an Iarmhumha fós ina mórcomhrac in éadan Caisil le linn a réimse, agus níl ar eolas ach beagán faoina chomharbaí roimh Chathal mac Finguine.
Le linn an ama seo fosta, bhí clanna neamhspleácha Uí Fiodhghinte agus Uí Liatháin faoi mhaise. Is dócha go ndearnadh iarracht san 8ú haois a gcuid bunúis a athrú chun iad a thabhairt isteach leis na hEoghanachta. D'éirigh leo comhghuaillíocht a dhéanamh leis na hUíbh Fiodhghinte, rud a bhí chun tairbhe na nEoghanacht, ach fágadh Uí Liatháin ar leaththaobh, rud nach fios an fáth.
Cl. | Rí | Reimse | Arm | Céile/Clann | |
---|---|---|---|---|---|
EC | Corc mac Luigthig | ? – ? | Aimend roinnt páistí | ||
Nad Froích mac Cuirc | ? – 453 | anaithnid | |||
Óengus mac Nad Froích | 453 – 489 | Eithne Uathach deirtear go raibh 24 mac agus 24 iníon aige | |||
Feidlimid mac Óengusa | 489 – 500 | anaithnid | |||
EG | Eochaid mac Óengusa | 500 – 522 | anaithnid | ||
Crimthann Srem mac Echado | 522 – 542 | anaithnid | |||
Coirpre Cromm mac Crimthainn | 542 – 577 | anaithnid | |||
Feidlimid mac Coirpri Chruimm (?) | 577 – 596 | anaithnid | |||
EOC | Fergus Scandal mac Crimthainn | 577 – 582 | anaithnid | ||
ER | Feidlimid mac Tigernaig | 582 – 588 | anaithnid | ||
EÁ | Amalgaid mac Éndai | 596 – 601 | anaithnid | ||
Garbán mac Éndai | 596 – 601 | anaithnid | |||
EC | Fíngen mac Áedo Duib | 601 – 618 | Mór Muman roinnt páistí | ||
ELL | Áed Bennán mac Crimthainn mhic Cobhtach | 618 | anaithnid | ||
EG | Cathal mac Áedo | 618 – 627 | Mór Muman roinnt páistí | ||
EC | Faílbe Flann mac Áedo Duib | 627 – 639 | anaithnid | ||
EÁ | Cúán mac Amalgado | 639 – 641 | anaithnid | ||
EC | Máenach mac Fíngin | 641 – 661 | anaithnid | ||
EG | Cathal Cú-cen-máthair | 661 – 665 | roinnt páistí | ||
EC | Colgú mac Faílbe Flaind | 665 – 678 | anaithnid | ||
EG | Finguine mac Cathail | 678 – 696 | roinnt páistí | ||
Ailill mac Cathail | 696 – 701 | anaithnid | |||
EC | Cormac mac Ailello mhic Máenach | 701 – 712 | anaithnid | ||
EÁ | Eterscél mac Máele Umai mhic Cúáin | 712 – 721 | anaithnid | ||
EG | Cathal mac Fuinguine | 721 – 742 | roinnt páistí | ||
EÁ | Cathussach mac Eterscélai | 742 – 769 | anaithnid | ||
ELL | Máel Dúin mac Áedo Bennáin mhic Conaing | 769 – 786 | anaithnid | ||
EÁ | Ólchobar mac Duib-Indrecht[nb 1] | 786 – 805 | anaithnid | ||
EG | Artrí mac Cathail | 805 – 820 | mac amháin | ||
Tnúthgal mac Artrach (?)[nb 2] | ? - ? | anaithnid | |||
EC | Tnúthgal mac Máele Donngaile | 807 – 820 | anaithnid | ||
Feidlimid mac Crimthainn | 820 – 847 | anaithnid | |||
EÁ | Ólchobar mac Cináeda | 847 – 851 | anaithnid | ||
EC | Áilgenán mac Donngaile | 851 – 853 | anaithnid | ||
Máel Gualae mac Donngaile | 853 – 859 | mac amháin | |||
EÁ | Cenn Fáelad Ua Mugthigirn | 859 – 872 | anaithnid | ||
EC | Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn | 872 – 888 | anaithnid | ||
Dub Lachtna mac Máele Gualae | 888 – 895 | anaithnid | |||
Finguine Cenn nGécan mac Loégairi mhic Duib-dá-Bairenn | 895 – 902 | anaithnid | |||
Cormac mac Cuilennán mhic Selbach | 902 – 908 | anaithnid | |||
M | Flaithbertach mac Inmainén | 914 – 922 | anaithnid | ||
EC | Lorcán mac Coinlígáin mhic Corcráin | 922 – ? | anaithnid | ||
Cellachán Caisil mac Buadacháin mhic Lachtnae | ? – 954 | mac amháin | |||
Máel Fathardaig mac Flainn mhic Donnchada | 954 – 957 | mac amháin | |||
ER | Dub-dá-Bairenn mac Domnaill mhic Duib-dá-Bairenn | 957 – 959 | anaithnid | ||
EC | Fer Gráid mac Cléirig mhic Áilgenáin | 959 –961 | anaithnid | ||
Donnchad mac Cellacháin | 959 – 963 | anaithnid | |||
ER | Máel mac Brain | 959 – 970 976 – 978 |
mac amháin | ||
UÍ | Íomhar Luimnigh | 960 – 977 de facto |
roinnt páistí | ||
DgC | Mathgamain mac Cennétig | 970 – 976 | anaithnid | ||
Brian Bóramha mac Cennétig | 978 – 1014 | (1) Mór - triúr mac (2) Echrad - mac amháin (3) Gormflaith - mac amháin | |||
EC | Dúnghal Ua Donnchadha | 1014 – 1025 | anaithnid | ||
UB | Donnchad mac Briain | 1025 – 1064 | Cacht ingen Ragnaill triúr paiste | ||
Murchad mac Donnchada | 1064 – 1068 | anaithnid | |||
Toirdhealbhach Ua Briain | 1068 – 1086 | (1) Dubchoblaig - mac amháin (2) Derbforgaill - beirt mhac | |||
Muircheartach Ua Briain | 1086 – 1114 1118 – 1119 |
Derbforgaill ingen Uí Laidcnén Triúr páistí | |||
Diarmait Ua Briain | 1114 – 1118 | anaithnid | |||
Brian Ua Briain | 1118 | anaithnid | |||
MC | Cormac Mac Carthaigh | 1127 - 1138 | anaithnid | ||
UB | Conchobar Ua Briain | 1138 – 1142 éilitheoir |
anaithnid | ||
Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain | 1142 – 1167 éilitheoir |
anaithnid | |||
Muircheartach Ua Briain | 1167 – 1168 éilitheoir |
anaithnid | |||
Domnall Mór Ua Briain | 1168 – 1194 éilitheoir |
Orlacan Ní Murchada - triúr páistí |
Clanna:
- DgC: Dál gCais
- EÁ: Eoghanacht Áine
- EC: Eoghanacht Chaisil
- EG: Eoghanacht Ghleanndamhnach
- ELL: Eoghanacht Locha Léin
- EOC: Eoghanacht Oirthir Cliach
- ER: Eoghanacht Raithlinn
- M: Múscraí
- MC: Mhic Cárthaigh
- UB: Uí Bhriain
- UÍ: Uí Íomhar
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bryne, Francis J. Irish Kings and High Kings. Nua-Eabhrac: St. Martin's Press, 1973.
- Charles-Edwards, T.M. Early Christian Ireland. Cambridge: Cambridge University Press, 2000. ISBN 9780521363952
- Moody, T.W.; F.J. Byrne and F.X. Martin, eag. A New History of Ireland. Vol. IX. Nua-Eabhrac: Oxford University Press, 1982. ISBN 0-19-821744-7
- Áed Ua Crimthainn, Leabhar Laighneach, c. 1160.
- Sioncronachtaí Laud. K. Meyer, 1913.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- MacCarthy Clan Foundation Curtha i gcartlann 2020-02-23 ar an Wayback Machine, McCarthyClan.org
- O'Brien Clan Foundation, OBrienClan.com
- The McGillycuddy of the Reeks, McGillycuddy.co.za
- O'Mahony Society at OMahonySociety.com
- O'Donoghue Society, ODonoghue.co.uk
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I nAnnála Uladh, meascadh Ólchobar mac Flainn desna hUí Fidgenti le hÓlchobar mac Duib-Indrecht den Eoghanacht Áine agus maíodh gur rí na Mumhan ab ea é. Is dócha nach raibh i gcoróin ach Ólchobar mac Duib-Indrecht.
- ↑ Faightear scaití Tnúthgal mac Artrach den Eoghanacht Gleanndamhnach mar rí na Mumhan, ach ní i nAnnála na hÉireann. D'éag sé roimh a athair, dá bharr b'fhéidir é nach raibh sé i gcoróin riamh. B'fhéidir é furasta gur meascadh Tnúthgal mac Donngaile den Eoghanacht Chaisil le Tnúthgal mac Artrach.