Jump to content

Ráth Chairn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRáth Chairn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 36′ 39″ N, 6° 51′ 48″ O / 53.6108°N,6.8632°W / 53.6108; -6.8632
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde61 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166593

Is baile fearainn agus nua-Ghaeltacht é Ráth Chairn,[1] suite i gContae na Mí, i ngar do Bhaile Átha Buí.

Cheannaigh Coimisiún Talún na hÉireann tailte sa cheantar agus sna 1930idí, i ngreim ag an mbochtaineacht, thug muintir Chonamara a n-aghaidh ar Ráth Chairn. B'é an plean a bhí ag Saorstát Éireann ná an bochtanas a mhaolú agus cainteoirí dúchasacha a aistriú go machairí méithe, áit a mbeadh níos mó barr le baint as an talamh.

"Aire - leanai", An scoil
An Halla, Ráth Chairn

Tá lárionad pobail agus clubtheach (An Bradán Feasa), meánscoil, lárionad fiontraíochta, eaglais Chaitliceach agus áiseanna eile lena n-áirítear grúpscéim uisce, siopa, bialann, páirc imeartha, agus ionad taispeántais ann i Ráth Chairn. Tá Foras na Gaeilge, Glór na nGael agus Scun Scan lonnaithe ann freisin.

Feachtas in éadan na bochtaineachta i gConamara ba ea "an Turas Aniar" sa bhliain 1934. Chuaigh scaifte daoine as Gaeltacht Chonamara ar rothair suas go Baile Átha Cliath. ‘An Turas Aniar’ a thug siad ar an turas seo. Bhí siad ag iarraidh saol níos fearr dóibh féin agus dá dteaghlaigh.[2]

Shroich na fir Baile Átha Cliath ar an 29 Márta 1934 le bualadh leis an Taoiseach Éamon de Valera agus talamh agus cearta á n-éileamh acu. D’iarr na fir air cuairt a thabhairt ar Chonamara go bhfeicfeadh sé an drochstaid ina raibh na daoine.[3][4]

An bhliain dár gcionn, ar an 12 Aibreán 1935, thug muintir Chonamara a n-aghaidh ar Ráth Chairn don chéad uair. Seacht gclann is fiche as Conamara a chur fúthu ag an am; d'aistrigh an rialtas 443 duine as Conamara go Ráth Chairn leis an talamh a thabhairt chun míntíreachais thall ansin. Fuair siad feirmeacha agus scoil náisiúnta (Scoil Uí Ghrámhnaigh) ansin. Fuair gach teaghlach teach nua, 22 acra talún, beostoc agus uirlisí feirmeoireachta.[5]

Mar chuid den scéim seo a thionscain an coiste 'Muintir na Gaeltachta' (faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún), d'aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó "cheantair chúnga" i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Chairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.[6]

Baile Ghib

Lean na daoine leo ag labhairt na Gaeilge go nádúrtha, ach thóg sé na blianta fada orthu stádas oifigiúil Gaeltachta a bhaint amach. Tháinig coilíneacht eile den chineál chéanna ar an bhfód i mBaile Ghib sa chontae céanna, ach níor éirigh léi chomh maith le Ráth Chairn, ós rud é nár tháinig lucht an mhíntíreachais ansin ón áit chéanna ar dtús.

Bhronn an Rialtas stádas oifigiúil ar Ráth Chairn agus ar Bhaile Ghib sa bhliain 1967, tar éis feachtais chearta sibhialta a d'eagraigh Craobh Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Ráth Chairn.[7] Sa bhliain 1973 a bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn chun pleanáil agus forbairt a dhéanamh don cheantar. Is iad na "coilíneachtaí"[8] seo i gCúige Laighean an t-aon cheantar oifigiúil Gaeltachta in oirthear na tíre.

Is í Gaeilge Chonnacht an chanúint a labhraítear i nGaeltacht na Mí, ó tháinig an chuid ba mhó den phobal as Conamara. Chuaigh canúintí dúchasacha Ghaeilge Laighean in éag thart ar céad bliain ó shin.

Tháinig daoine mór le rá i saol na Gaeilge as Gaeltacht na Mí. Is as Ráth Chairn do Bhláthnaid Ní Chofaigh, agus is as ceantar Bhaile Ghib do Hector Ó hEochagáin. Láithreoirí iad an bheirt acu, agus iad ag obair do RTÉ, ach bíonn Hector le feiceáil go minic ar TG4 chomh maith.

Cé gur rugadh Darach Ó Catháin i Maimín, Conamara, tógadh i Ráth Chairn é. Bhí Darach ar dhuine de phríomhamhránaithe sean-nóis a linne. Deir neart daoine gurbh é ab fhearr. I measc na n-amhrán atá le fáil ar a dhlúthdhiosca 'Darach Ó Catháin' tá 'Amhrán na Japs', leagan damanta de 'Oró Sé do Bheatha 'bhaile' agus 'Caisleán Uí Néill'. Tá an dlúthdhiosca sin ar fáil ó Ghael Linn.

Is as Dún Doire (gar go leor do Ráth Chairn) don amhránaí agus múinteoir Nollaig Ní Laoire.

Seirbhísí Foghlama Teanga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraítear go leor cúrsaí do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim i Ráth Chairn. I measc na ndreamanna sin a eagraíonn cúrsaí ann tá Gael Linn. Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Chairn agus cuirtear cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ráth Chairn/Rathcarran | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-11-05.
  2. "An Turas Aniar · Cúrsaí Spóirt in Irisí an Phléaráca · Cartlann Ghaeltacht Chonamara". www.cartlann.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  3. ccea.org.uk. "Beatha le Bua / Éamon de Valera". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-29. Dáta rochtana: 2024.
  4. "GAILEARAÍ: Léargas trí lionsa Matt Nolan ar scéal agus ar phobal Ráth Chairn…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-12-07). Dáta rochtana: 2024-03-29.
  5. Barry Sheppard (2014). "Ráthcairn: Land & Language Reform In The Irish Free State – The Irish Story" (en-IE). Dáta rochtana: 2024-03-29.
  6. "Brabhsáil Míreanna · Cartlann Ghaeltacht Chonamara" (ga). www.cartlann.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  7. gaelport.com http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=2582%5B%5D (Dúnadh gaelport.com in 2014)
  8. Tugadh "coilíneachtaí" orthu sna 1930idí

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]