Jump to content

Stailc ocrais 1981

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtStailc ocrais 1981
Cineálstailc ocrais Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1 Márta - 3 Deireadh Fómhair 1981
SuíomhTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata


Sa bhliain 1981 chuaigh príosúnaigh Phoblachtánaigh ar stailc ocrais i dTuaisceart Éireann.

Leac chuimhneacháin i nDoire.

Ó theip ar rialtas i ndiaidh rialtais cúrsaí an Tuaiscirt a shocrú go polaitiúil, d'fhéach siad le Tuaisceart Éireann a thabhairt chun "normáltachta". Cuid de seo ab ea gur éirigh siad as an imtheorannú agus gur bhain siad stádas an chime pholaitiúil de na príosúnaigh pharaimíleata. Ón mbliain 1976 ar aghaidh, b'iad "cúirteanna Diplock", ar chúirteanna gan choiste iad, a thriaileadh na príosúnaigh pharaimíleata. Níor mhaith leis na húdaráis na cásanna seo a fhágáil faoi ghnáthchoisteanna cúirte, ó bhí an baol ann go n-imeaglófaí na giúróirí. I ndiaidh na trialach, chaití leo mar nach mbeadh iontu ach gnáthchiontóirí.

Le cur in aghaidh an pholasaí seo, chuaigh príosúnaigh Phoblachtánacha na Ceise Fada ag agóidíocht: bhí siad ar an mblaincéad, mar a thugtaí air, nó ag glacadh páirte san Agóid Shalach.

Shroich an agóidíocht a buaic sna blianta 1980 agus 1981, nuair a chuaigh na príosúnaigh ar stailc ocrais leis an stádas polaitiúil a fháil ar ais.

I Stailc Ocrais na bliana 1980, chuaigh seachtar príosúnach Poblachtánach, seisear acu ina Sealadaigh agus ceann amháin ina mbaill d'Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann, ar céalacan. Thosaigh an chéad stailc ocrais ar an 27 Deireadh Fómhair 1980. Stop an stailc ar an 18 Nollaig den bhliain sin nuair a sheol an rialtas litir chuig na príosúnaigh.

I Stailc Ocrais na bliana 1981, chuaigh deichniúr príosúnach Poblachtánach, seachtar acu ina Sealadaigh agus triúr eile ina mbaill d'Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann, ar céalacan go dtí gur stiúg siad le hocras. B'é Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh, nó Bobby Sands, an chéad duine acu a cailleadh. Roimh a bhás, vótáladh isteach sa Pharlaimint (Teach na dTeachtaí) é, agus d'éirigh an t-éacht céanna lena ghníomhaire toghchánaíochta, Owen Carron, i ndiaidh bhás an tSeachnasaigh féin. Chuaigh na stailceanna ocrais go mór i gcion ar an bpobal Náisiúnaíoch. Tháinig breis is céad míle duine ar aifreann adhlactha an tSeachnasaigh in Eaglais Naomh Lúcás i gCill Uaighe, Iarthar Bhéal Feirste, agus bhí sluaite móra de dhaoine i láthair ag na sochraidí freisin.

Mar a thuig na Poblachtánaigh an scéal, is é an rud a tháinig chun solais le linn na n-imeachtaí seo ná an poitéinseal polaitiúil a bhí ar fáil don té a mbeadh an straitéis ann le leas a bhaint as. I ndiaidh na stailceanna ocrais, thosaigh Sinn Féin ag glacadh páirte sna toghcháin ar an dá thaobh den Teorainn an chéad uair riamh. Sa bhliain 1986, d'fhógair Sinn Féin gur ghlac siad le Dáil Éireann mar pharlaimint dhlisteanach, rud a thug ar dhornán de Phoblachtánaigh dhobhogtha scoilteadh ón bpáirtí le Sinn Féin Poblachtach a bhunú.

Is é an chiall a bhain na hAontachtóirí as an scéal, áfach, go raibh na Caitlicigh, mar phobal, i bhfabhar leis an bhforéigean agus leis an sceimhlitheoireacht, rud a mhéadaigh ar an meon seicteach i measc na bProtastúnach[1].

Rannpháirtithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rannpháirtithe a fuair bás

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ainm Eagraíocht Tosaigh Fad Bás Aois
Bobby Sands IRA 1 Márta 66 lá 5 Bealtaine 27
Francis Hughes IRA 15 Márta 59 lá 12 Bealtaine 25
Raymond McCreesh IRA 22 Márta 61 lá 21 Bealtaine 24
Patsy O'Hara INLA 22 Márta 61 lá 21 Bealtaine 23
Joe McDonnell IRA 8 Bealtaine 61 lá 8 Iúil 29
Martin Hurson IRA 28 Bealtaine 46 lá 13 Iúil 24
Kevin Lynch INLA 23 Bealtaine 71 lá 1 Lúnasa 25
Kieran Doherty IRA 22 Bealtaine 73 lá 2 Lúnasa 25
Thomas McElwee IRA 8 Meitheamh 62 lá 8 Lúnasa 23
Michael Devine INLA 22 Meitheamh 60 lá 20 Lúnasa 27

Rannpháirtithe eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ainm Eagraíocht Tosaigh Fad Deireadh fáth
Brendan McLaughlin IRA 14 Bealtaine 13 lá 26 Bealtaine othras pollta agus fuiliú inmheánach
Paddy Quinn IRA 15 Meitheamh 47 lá 31 Iúil cinneadh teaghlaigh
Laurence McKeown IRA 29 Meitheamh 70 lá 6 Meán Fómhair cinneadh teaghlaigh
Pat McGeown IRA 9 Iúil 42 lá 20 Lúnasa cinneadh teaghlaigh
Matt Devlin IRA 14 Iúil 52 lá 4 Meán Fómhair cinneadh teaghlaigh
Liam McCloskey INLA 3 Lúnasa 55 lá 26 Meán Fómhair cinneadh teaghlaigh
Patrick Sheehan IRA 10 Lúnasa 55 lá 3 Deireadh Fómhair deireadh na stailce ocrais
Jackie McMullan IRA 17 Lúnasa 48 lá 3 Deireadh Fómhair deireadh na stailce ocrais
Bernard Fox IRA 24 Lúnasa 32 lá 24 Meán Fómhair bacadh duán
Hugh Carville IRA 31 Lúnasa 34 lá 3 Deireadh Fómhair deireadh na stailce ocrais
John Pickering IRA 7 Meán Fómhair 27 lá 3 Deireadh Fómhair deireadh na stailce ocrais
Gerard Hodgins IRA 14 Meán Fómhair 20 lá 3 Deireadh Fómhair deireadh na stailce ocrais
James Devine IRA 21 Meán Fómhair 13 lá 3 Deireadh Fómhair deireadh na stailce ocrais

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Éifeacht fhadtéarmach na stailceanna ocrais, Robert McMillen, Beo, AIBREÁN 2006