Nintendo
Comhlacht Seapánach is ea Nintendo Co., Ltd. (Seapáinis: 任天堂株式会社) a tháirgeann earraí leictreonaice agus físchluichí le ceanncheathrú acu i Kyoto.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an comhlacht faoin ainm Nintendo Karuta sa bhliain 1889 ag ceardaí darb ainm Fusajiro Yamauchi chun na cártai imeartha lámhdhéanta siúd hanafuda a dhéanamh. Sna 1960idi, thosaigh réimsí an chomhlachta ag leathnú i dtreo earraí eile agus chuir Nintendo a chéad chonsól cluichí, The Color TV-Game, ar an margadh sa bhliain 1977. Le scaoileadh an Nintendo Entertainment System sa bhliain 1985, bhain Nintendo aitheantas idirnáisiúnta amach den chéad uair.
Ó shin i leith, tá cuid mhaith de na consóil chluichí is mó rath i stair an thionscail cruthaithe acu, mar atá an Game Boy, Super Nintendo Entertainment System, Wii agus an Nintendo Switch. Anuas ar sin, is iomaí saincheadúnas suntasacha atá scaoilte acu, amhail Donkey Kong, Mario, The Legend of Zelda, Kirby, Metroid, Fire Emblem, Splatoon, Super Smash Bros. agus Pokémon.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin tSeapáin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |