Louis Riel
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Deireadh Fómhair 1844 Saint Boniface (Impireacht na Breataine) |
Bás | 16 Samhain 1885 41 bliana d'aois Regina, Saskatchewan |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Áit adhlactha | Saint Boniface Cathedral (en) |
Ball de Thionól Reachtach Assiniboia | |
9 Márta 1870 – 24 Meitheamh 1870 | |
Ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Métis |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Collège de Montréal |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Ottawa Red River Colony (en) |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | polaiteoir neamhspleách |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Athair | Louis Riel, Sr. |
Siblín | Sara Riel |
Duine muinteartha | Jean-Baptiste Riel (seanathair) Marie-Anne Gaboury (seanmháthair) |
Polaiteoir ba ea Louis Riel (22 Deireadh Fómhair 1844 - 16 Samhain 1885) a bhunaigh cúige Manitoba i gCeanada. Bhí sé ina cheannaire ar na Métis,[1] pobal ar mhachairí Cheanada sa chuid is mó.[2][3]
D'eagraigh Riel gluaiseachtaí saoirse dá phobal féin i gcoinne rialtas na tíre. Tar éis éirí amach a eagrú sa bhliain 1869, chuaigh sé i mbun idirghabhála leis an rialtas agus bunaíodh Manitoba.
Chaith sé seal ar imirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar fhear darbh ainm Thomas Scott a chur chun báis le linn an éirí amach. Toghadh trí huaire é chuig parlaimint Cheanada agus é ar a choimeád, ach níor ghlac sé riamh lena shuíochán. Samhlaíodh dó go raibh inspioráid ó Dhia aige mar fháidh agus mar cheannaire, agus chuaigh an creideamh sin i gcionn ar a ghníomhartha.
Bhí sé rannpháirteach in éirí amach eile sa bhliain 1885. Cuireadh tréas ina leith agus cuireadh chun báis é ach maireann a cháil, go háirithe i measc cainteoirí Fraincise i gCeanada, mar laoch de chuid an ghnáthphobail. Bhí tionchar ag a dhaoradh chun báis ar an gcaidreamh a bhí acu sin leis an mhóramh sa tír go ceann i bhfad.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Crochadh Riel i bpríosún Regina ar an 16 Nollaig 1886. 'Gach aon ní a bhí déanta le blianta fada chun cairdeas agus comhoibriú a chothú idir an dá chine agus an dá chreideamh, bhí sé curtha ó mhaith nuair a crochadh Louis Riel.‘[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Métis" (as en) (2021-11-06). Wikipedia.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (24 Feabhra 2015). "Stádas na Fraincise á throid i gCúirt Uachtarach Cheanada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-16.
- ↑ 3.0 3.1 Seán Ua Cearnaigh. (Feasta 66 (9), 12.). "Quebéc, Louis Riel agus an ceangal Éireannach.". Dáta rochtana: 2021.