Oidheadh Chlainne Lir
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Scéal béaloidis de chuid Scéalta Miotaseolaíochta na hÉireann is ea é Oidheadh Chlainne Lir. Is iad Lear Shí Fionnachaidh, Badhbh Dearg mac an Daghdha, Aobh agus Aoife na príomhcharachtair atá ann.
An Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Badhbh Dearg mar rí ar na Tuatha Dé Danann. Ní raibh Lear sásta leis sin, ámh, agus chun é a shásamh, thug Badhbh ceann dá chuid iníonacha do Lear mar bhean chéile. Roghnaigh Lear an ceann is sine dóibh, Aobh. Rugadh ceathrar páistí d'Aobh: cúpla, Fiachra agus Conn, agus Aodh agus Fionnuala.
Fuair Aobh bás tar éis tamaill agus goilleadh go mór ar Lear agus ar a chlann. Chun iad a leigheas, thug Badhbh iníon eile do Lear mar bhean chéile, an uair seo, Aoife.
Bhí éad mór ar Aoife mar gheall ar an ngrá a bhí ag Lear agus a pháistí dá chéile. Shocraigh sí na páistí a mharú. I rith turais chuig teach Bhodhbh Dheirg, d'ordaigh sí a seirbhísigh na páistí a mharú ach dhiúltaigh siad. I dtreall, rinne sí féin iarracht iad a mharú ach ní raibh an misneach aici. Mar sin, d'athraigh sí ina n-ealaí iad. Ní foláir do na páistí trí chéad bliain a chaitheamh sa loch in aice le teach a n-athar, trí chéad bliain eile i Sruth na Maoile agus trí chéad bliain eile arís in Inis Gluaire. Nuair a chuala Bodhbh sin, chas sé Aoife ina deamhain aeir go síor mar phionós di.
Tar éis naoi gcéad bliain, thug Mochaomhóg dídean dóibh. D'ordaigh sé gabha oilte slabhraí airgid a dhéanamh, chun na healaí a choinneáil le chéile go deo. Ach ba mhian le Deoch, iníon rí na Mumhan agus bean chéile rí Chonnacht, na healaí a bheith aici féin. D'iarr sí ar a fear céile an mhainistir a ionsaí, agus san ionsaí briseadh na slabhraí airgid. Ansin, athraíodh na healaí go seandaoine caite. Baisteadh iad roimh a mbás agus cuireadh iad le Fionnuala sa lár, Fiachra agus Conn ar a dá thaobh agus Aodh os a comhair.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oidheadh chloinne Lir ar CODECS
- Oidhe Chloinne Lir ar Irish Sagas Online
- The Fate of the C[h]ildren of Lir ar Corpus of Electronic Texts
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]