Joseph Banks
Cuma
Luibheolaí a rugadh i Londain ab ea Joseph Banks (24 Feabhra 1743 – 19 Meitheamh 1820). Bhí Banks páirteach i ngrúpa eolaíochta a thug turas ar Thalamh an Éisc sa bhliain 1766. Bhí sé ar aistear James Cook timpeall an Domhain i 1768-1771, agus i 1772 rinne cuairteanna taighde luibheolaíochta ar Inse Ghall is an Íoslainn. Mar uachtarán ar an gCumann Ríoga (1778–1819) spreag sé cuid mhaith forbairti eolaíochta.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joseph Banks". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 62.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |