E. M. Forster
Cuma
Scríbhneoir, gearrscéalaí, aistí agus leabhrógaí Sasanach ab ea Edward Morgan Forster - nó E. M. Forster mar is fearr aithne air -, a rugadh ar an 1ú lá d'Eanáir sa bhliain 1879 agus a d'éag ar an 7ú lá de Mheitheamh sa bhliain 1970.
I gcuid mhaith mhór dá shaothair - saothair ar nós A Room With a View (1908), Howards End (1910), nó A Passage to India (1924) -, do dhein sé dian-staidéar ar fhimíneacht, ar chóras aicmeach Shasana agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis an gcóras céanna. Dob é A Passage to India an saothar deireanach a chum sé agus an saothar is mó a tharraing clú air.
D'ainmnítí go rialta do Dhuais Nobel na Litríochta é, agus a ainm le léamh i measc na n-ainmnithe sé huaire déag.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |