Diego Rivera
Ealaíontóir ab ea Diego Rivera (1886-1957). Tá cáil inniu go háirithe ar a bhean, Frida Kahlo. Is beirt ollmhór iad i saol na healaíne idirnáisiúnta agus féachtar orthu mar cheannrodaithe in ealaín nua-aoiseach Mheicsiceo, agus bhí gaol láidir acu lena dtír dhúcháis.[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Rivera ar an 8ú lá de mhí na Nollag, 1886, i gcathair Guanajuato i lár Mheicsiceo.
Bhí saol crua agus athair foréigneach aige agus é ní b'óige. Dá bhrí sin, d’fhás sé ina fhear foréigneach freisin. Bhí a lán páistí aige freisin ach níor fhán sé i dteagmháil leo.
Fuair Diego Rivera a chuid oiliúna san Eoráip. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc i 1920. Bhí tionchar ag ealaín nua-aoiseach agus ciúbachas air. Ag an am céanna, bhí an-suim aige sa pholaitíocht, go mór mhór sa Chumannachas.
D’fhill Rivera ar Mheicsiceo agus sna 1920idí.
Bhí an-suim ag Rivera sa pholaitíocht, go mór mhór sa Chumannachas. Agus é ag freastal ar chóisir de chuid na gCumannaithe sa bhliain 1927, bhuail sí le péintéir eile, Frida Kahlo. Phós siad i mí Lúnasa, 1929[2]
Bhí saol teasaí neamhghnách ag an bheirt. Cé go raibh siad i ngrá le chéile, chaith siad a lán ama ag troid lena chéile. Mhol Diego do Kahlo éadaí traidisiúnta ó Mheicsiceo a chaitheamh, agus chaith sí a saol go léir sna héadaí seo.[3]
Ba láidir an caidreamh a bhí eatarthu ach bhí sé casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic. Dúirt Kahlo go raibh dhá mórthaisme aici ina saol; an taisme bóthair a d’fhág a colainn briste agus Diego Rivera. D’admhaigh sise, áfach, gurbh é Rivera an taisme ba mheasa.[3]
D’fhág bás a mhná, Frida, croíbhriste é agus fuair sé féin bás 3 bliana ina dhiaidh sin, i 1957.
Ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stíl láidir uathúil ag Rivera.
Bhí Rivera ina bhall de ghluaiseacht múrmhaisiú Mheicsiceo, gluaiseacht ealaíonta intleachtach a thug tacaíocht don fheachtas ar son comhionannais do mhuintir dhúchais na tíre.
Ba é an tréimhse seo a chuir dlús lena shaol mar ealaíontóir suntasach tábhachtach. Thosaigh sé ar aicme nua péinteireachta inar úsáid sé móitífeanna dúchasacha cosúil le mná lena bpáistí mar ábhair. Tá samplaí den chineál seo le feiceáil i ‘Modesta’ (1937) agus ‘Cailín le Lámhainní’ (1943).[1]
Chruthaigh sé an múrmhaisiú in Ollscoil Mheicsiceo. Tá an múrmhaisiú seo fós ann.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir a phictiúir agus a mhúrmhaisithe a fheiscint i Meicsiceo, sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe.
Is féidir cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh cónaí air i gCathair Mheicsiceo inniu, 'Casa Frida Kahlo'.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Ciara Nic Gabhann (Bealtaine 2011). "Frida Kahlo agus Diego Rivera in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-13.
- ↑ "Frida Kahlo: identity in art" (en-GB). www.europeana.eu. Dáta rochtana: 2022-07-13.
- ↑ 3.0 3.1 Ciara Nic Gabhann (Bealtaine 2011). "Frida Kahlo agus Diego Rivera in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-13.
- ↑ Seanán Ó Coistín. "Meicsiceo Molfach Oscailt súl, down Mexico way..." (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-13.