Alice Walker
Scríbhneoir Meiriceánach is ea Alice Malsenior Walker a rugadh ar 9 Feabhra 1944). Scríobhann sí úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht. Cuireadh fáilte faoi leith roimh a húrscéal The Color Purple (1982), agus bronnadh an National Book Award agus an Pulitzer Prize for Fiction uirthi.[1] Scríobh sí Meridian agus The Third Life of Grange Copeland, úrscéalta, freisin, i measc saothar eile léi.
A luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Alice Walker i gContae Putnam, Georgia,ar 9 Feabhra 1944. Feirmeoir beag a bhí ina hathair. D'oibrigh a máthair 11 uair sa lá ar son $17 sa tseachtain mar shearbhónta chun íoc as a cuid ollscolaíochta. Chuaigh sí go Spelman College in Atlanta, Georgia, ar dtús, ansin go Sarah Lawrence College, mar ar bhain sí céim bhaitsiléara amach sa bhliain 1965.
Saothair Walker
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1982, foilsíodh an leabhar uaithi is fearr eolas air, The Color Purple. San úrscéal leanann an léitheoir bean óg ghorm bhuartha agus í ag streachailt chun a bealaigh a dhéanamh ní hamháin trí chultúr ciníoch na ndaoine geala ach trí chultúr patrarcach an phobail ghoirm chomh maith. Leabhar móréilimh a bhí ann agus sa bhliain 1985 cuireadh é in oiriúint mar scannán faoi stiúradh Steven Spielberg le hOprah Winfrey agus Whoopi Goldberg in dhá phríomhról. Cuireadh ar an stáitse Broadway mar léiriúchán ceolmhar sa bhliain 2005. Léiríodh é 910 uair.
A saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1965, casadh ar Walker dlíodóir Giúdach cearta sibhialta darbh ainm Melvyn Rosenman Leventhal. Phós siad ar 17 Márta 1967, i gCathair Nua-Eabhrac. Chuir siad fúthu ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna in Jackson, Mississippi, an chéad chúpla idirchiníoch dar phós go dleathach in Mississippi.[2][3] Chráigh agus bhagair daoine geala iad, an Ku Klux Klan san áireamh. Saolaíodh iníon acu, Rebecca, sa bhliain 1969. Fuair Walker agus a fear céile colscaradh sa bhliain 1976.[4]
Sna 1990idí, bhí caidreamh ag Walker le amhránaí-scríbhneoir Tracy Chapman:[5] "It was delicious and lovely and wonderful and I totally enjoyed it and I was completely in love with her but it was not anybody's business but ours," a dúirt sí.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "National Book Awards - 1983". National Book Foundation. Arna rochtain ar 15 Márta 2012. (With essays by Anna Clark and Tarayi Jones from the Awards 60-year anniversary blog.)
- ↑ "The day feminist icon Alice Walker resigned as my mother". Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 11, 2008.
- ↑ "Inner Light in a Time of Darkness: A Conversation with Author and Poet Alice Walker". Democracy Now!. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 13, 2007.
- ↑ "Can I survive having a baby? Will I lose myself ...?".
- ↑ 5.0 5.1 "No retreat".
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |