Jump to content

Airgead (dúil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachAirgead

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, púdar inlasta agus chalcophile element (en) Aistrigh
Airgead sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAg
Uimhir adamhach47
Mais adamhach107.8682
Peiriad, Grúpapeiread 5
grúpa 11
Airíonna fisiceacha
Dathairgead
Dlús10.49 kg/m⁻³
Leáphointe1,761
Fiuchphointe3,632 agus 961.78
Leictridhiúltacht2
Ga ianach100, 115, 128, 79, 94 agus 75
Stair
Fionnachtain5 mílaois "RCh"
Eapainmbán
buillean

Dúil mhiotalach is ea an t-airgead nó an t-airgead geal, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 47. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 107.880, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Ag, atá bunaithe ar an bhfocal Laidine argentum.

Suíomh sa tábla peiriadach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Smután airgid

Tá an t-airgead geal ar an dara ceann de na miotail i ngrúpa a 11, in éineacht leis an ór agus leis an gcopar. Ceann de na miotail trasdultacha is ea é, mar sin. Tá sé suite i bpeiriad 5. Mar sin, is í an dúil a thagann roimhe ná an pallaidiam, agus an caidmiam ag teacht sna sálaí aige.

Buail mona 3 dollar (1867)

Tréithe fisiceacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Miotal, beagnach bán, bog agus lonrach atá ann, ina sheoltóir maith teirmeach is leictreach. Tá an t-airgead geal ar an seoltóir idir leictreach agus teirmeach is fearr atá ann. A leáphointe 961°C.

Is neamhghníomhach ó thaobh ceimice de. Comhdhúilíonn sé le sulfar, rud a theimhlíonn a dhromchla.

Aicéitilíd

Ós rud é gur triathmhiotal é, faightear ina aonar é sa nádúr. Faightear saor neamh-chomhcheangailte i mianaigh é, go príomha le luaidhe is copar. Thairis sin, is féidir é a fháil i mianraí ar nós argaintít, arb ionann í agus suilfíd an airgid (I), Ag2S, agus cornairgead nó clórargairít, arb ionann í agus clóiríd an airgid (I), AgCl.

Spúnóga, Hoxne, Suffolk (4ú haois)

Úsáidtear an miotal seo sa mhonaíocht, seodra, sa ghrianghrafadóireacht, sa leictreonaic, i scátháin fhrithchaiteacha, soithí airgid, agus san fhiaclóireacht. In úsáid freisin sa mhíochaine, dúigh, scátháin, agus go forleathan sa cheimic. An dúil is fearr le sruth leictreach a sheoladh[1].

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)