An Fhonais
fɔ̀ngbè | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,935,500 (2016) |
Dúchasach do | Beinin agus Plateaux Region (en) |
Stáit | Beinin agus Tóga |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Nígir-Congó teangacha Atlantach-Congó teangacha Volta-Congó Kwa (en) Gbe (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Cóid | |
ISO 639-2 | fon |
ISO 639-3 | fon |
Glottolog | fonn1241 |
Ethnologue | fon |
IETF | fon |
Teanga labhartha i mBeinin, i dTóga, agus sa Nigéir is ea í an Fhonais (fɔ̀ngbè nó fõbè sa teanga, fuaimniú [fɔ̃̀ɡ͡bē]). Úsáidtear mar Fhrancbhéarla í sa cheantar, agus tá 4,1 milliún cainteoirí aici. Is teanga Gbe í, ceann desna grúpaí sa bhfine teangacha Nígir-Chongólach.
Ceann desna teangacha is mó i mBeinin is ea í, á labhairt i ndeisceart na tíre den chuid is mó. Sa lá atá inniu ann labhraítear an Fhonais ar raidió agus ar theilifís i mBeinin.
Cosúil leis na teangacha Gbe eile, is teanga thonúil í. Is teanga ainmní-briathar-cuspóir (SVO) í leis.
Is é an focal idirnáisiúnta is cáiliúla sa teanga seo ná vodun, nó vúdú sa Ghaeilge.
Fuaimniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gutaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tosaigh | Láir | Cúil | |
---|---|---|---|
Dúnta | i, ĩ | u, ũ | |
Leath dúnta | e, (ẽ) | o, (õ) | |
Leath oscailte | ɛ, ɛ̃ | ɔ, ɔ̃ | |
Oscailte | a, ã |
Fuaimnítear na fóinéimí / ẽ / agus / õ / mar [ɛ̃] agus [ɔ̃] i gcónaí.
Consain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dé-liopach | Liopa-dhéadach | Ailbheólach | Iar-ailbheólach | Aisfhillte | Carballach | Coguasach | Liopa-choguasach | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Oclúideach | (p) | b | t | d | ɖ | k | ɡ | k͡p | ɡ͡b | |||||
Srónach | m | n | ɲ | |||||||||||
Frithchaiteach | f | v | s | z | ʃ | ʒ | x | ɣ | xʷ | ɣʷ | ||||
Creathach | r | |||||||||||||
Neasach | j | w | ||||||||||||
Taobhach | l |
Níl an consain [p] fóinéimeach agus níl sé le fáil ach i bhfocail iasachta áirithe. Úsáideann focail iasachta eile [f].
Ortagrafaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobhtar an Fhonais leis an aibítir Laidineach. I mBeinin, sainíonn Aibítir na dTeangacha Náisiúnta na litreacha agus na déghraif in ortagrafaíocht na Fonaise.
Cas Mór | A | B | C | D | Ɖ | E | Ɛ | F | G | GB | H | I | J | K | KP | L | M | N | NY | O | Ɔ | P | R | S | T | U | V | W | X | Y | Z |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cás Beag | a | b | c | d | ɖ | e | ɛ | f | g | gb | h | i | j | k | kp | l | m | n | ny | o | ɔ | p | r | s | t | u | v | w | x | y | z |
Fóinéim | /a/ | /b/ | /c/ | /d/ | /ɖ/ | /e/ | /ɛ/ | /f/ | /g/ | /ɡ͡b/ | /h/ | /i/ | /d͡ʒ/ | /k/ | /k͡p/ | /l/ | /m/ | /n/ | /ɲ/ | /o/ | /ɔ/ | /p/ | /r/ | /s/ | /t/ | /u/ | /v/ | /w/ | /x/ | /j/ | /z/ |
Scríobhtar gutaí srónacha le litir an ghuta agus <n> ina dhiaidh.
Litriú | an | ɛn | in | ɔn | un |
---|---|---|---|---|---|
Fóinéim | ɑ̃ | ɛ̃ | ĩ | ɔ̃ | ũ |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Centre national de linguistique appliquée, 1990
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |