Amharc mata
Cuma
Amharc i bpictiúr reatha ina gcuirtear mata nó masc os comhair an cheamara chun fairsinge na híomhá nochtaithe a theorannú chun gur féidir an dara íomhá a chur léi níos déanaí. Féadfaidh cárta nó leathán miotail feidhmiú mar mhata, sin nó stiall scannáin le fairsingí teimhneacha is trédhearcacha le húsáid le linn an phriontála. Is féidir an rud céanna a dhéanamh leis na bogearraí cuí i bhfótagrafaíocht dhigiteach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Amharc mata". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 36.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |