Cnó Brasaíleach
Cuma
Bertholletia excelsa | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Brazil nut (en) agus Brazil nut oil (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Stádas caomhnaithe | |
Leochaileach | |
UICN | 32986 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Lecythidaceae |
Géineas | Bertholletia |
Speiceas | Bertholletia excelsa Bonpl. |
Crann síorghlas a fhásann 30 m ar airde, dúchasach do dhufairí na Brasaíle. Na duilleoga leathfhada, na bláthanna bán i bpanacail mhóra. Capsúl adhmadach cruinn an toradh, 15 cm ar leithead, a chuimsíonn 12-15 síol, pacáilte go dlúth, adhmadach tríthaobhach, a dtugtar cnónna Brasaíleacha orthu. Ní shaothraítear é. Na cnónna a dhíoltar i siopaí, is cnónna a bhailítear ó chrainn fhiáine iad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cnó Brasaíleach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |