Logainm.ie
Bunachar de logainmneacha údarásacha Gaeilge agus Béarla na hÉireann is ea Logainm.ie, agus tionscadal de chuid grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU).[1] Tá Logainm.ie faoi stiúir Fiontar i DCU maraon le Gaois, Dúchas, Téarma.ie agus Ainm.ie.[2]
URL | http://www.logainm.ie |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin agus geographical names database (en) |
Teanga | an Ghaeilge |
Iontráil i seirbhís | 2008 |
Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.
Is iad príomhchuspóirí an tionscadail[1]
- teicneolaíocht úrscothach a chur ar fáil chun taighde logainmníochta an Bhrainse Logainmneacha (Rialtas na hÉireann) a éascú agus
- sonraí logainmníochta an Stáit a chraobhscaoileadh trí logainm.ie.
Stair
cuir in eagarBunaíodh an tionscadal in 2007. Seoladh an chéad leagan den suíomh poiblí in 2008. Bhuaigh www.logainm.ie an Séala Eorpach Teanga in 2010 agus ba bhuaiteoir catagóire é ag Gradaim Ríomh-Rialtais na hÉireann, 2011 & 2016.
Seoladh leagan nua den suíomh in 2022 agus bhí thart ar mhíle cuairteoir in aghaidh an lae ag logainm.ie. Bhí sé i gceist an cód foinseach ar fad a chur ar fáil faoi cheadúnas oscailte ar GitHub.com. Ó shin i leith, tá comhthéacs geografach le fáil le gach toradh ar mhionléarscáil idirghníomhach.[2]
An Vicipéid
cuir in eagarIs féidir úsáid a bhaint as Logainm.ie chun an oiread tagairtí a chur isteach agus a d'fhéadfainn maidir leis an Vicipéid.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Maidir leis an tionscadal" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
- ↑ 2.0 2.1 "Leagan nua de Logainm.ie le seoladh inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
- ↑ "Tullog" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.