David Tweed
Polaiteoir Aontachtach agus gníomhaí aontachtach ab ea David Tweed, nó Davy Tweed (13 Samhain 1959 – 28 Deireadh Fómhair 2021).
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 13 Samhain 1959 Baile Monaidh, Northern Ireland | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bás | 28 Deireadh Fómhair 2021 61 bliana d'aois Dún Sobhairce, Northern Ireland | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meáchan | 114 kg | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 199 cm | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir rugbaí, polaiteoir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tréimhse oibre | ? – 1996 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ball de | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | rugbaí aontais | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Nascaire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ciontaíodh i | indecent assault (en) |
Bhí obair ag Tweed mar phreabaire agus doirseoir slándála ar feadh na mblianta.
Rugbaí
cuir in eagarD'imir Tweed ar cheithre ócáid i 1995 d'fhoireann rugbaí na hÉireann.
Polaiteoir
cuir in eagarIarbhall den Ord Oráisteach a bhí ann. Chaith sé seal ina chomhairleoir áitiúil sa Bhaile Meánach.[1] ar son an DUP. Toghadh é sna blianta 1997, 2001 agus 2005. Toghadh é in 2010 ar son pháirtí an Glór Traidisiúnta Aontachtach.
Feachtas seicteach
cuir in eagarBhí ainm Tweed in airde i 1996 as an bpáirt a ghlac sé san fheachtas seicteach in aghaidh an phobail Chaitlicigh i Harryville ar an mBaile Meánach.[2] Bhí Tweed i measc slua dílseoirí a dhéanadh imeaglú gach tráthnóna Dé Sathairn - agus laethanta eile - ar dhaoine a bhí ag dul ar Aifreann sa séipéal Caitliceach ansin.
Trí bliana a mhair an feachtas fuatha áirithe sin. Rinneadh loitiméireacht ar an séipéal go minic freisin.[1] Leagadh Our Lady Church in 2012.
Péidifileach
cuir in eagarIn 2012, ciontaíodh Tweed i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar leanaí idir 1988-1996.[3] Ach ceithre bliana ina dhiaidh sin, scaoileadh saor é ó phríosún ar phointe teicniúil dlí agus cuireadh a chiontú ar ceal.[1]
Bás
cuir in eagarMaraíodh Tweed i dtionóisc bhóthair i gCo Aontroma ar 28 Deireadh Fómhair 2021. Bhí sé ag tiomáint gluaisrothair nuair a d'imigh sé den bhóthar i nDún Sobhairce i dtuaisceart an chontae ag thart ar 16.30.[4]
Dúirt ceannaire an pháirtí sin Jim Allister gur údar mór bróin bás Tweed.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2021-10-29). "Gníomhaí aontachtach, iarimreoir rugbaí Davy Tweed básaithe" (as ga).
- ↑ Press Association. "Former Ireland rugby international David Tweed dies in motorbike crash" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-11-01.
- ↑ "Davy Tweed" (as en) (2021-10-30). Wikipedia.
- ↑ "David Tweed: Former councillor dies in motorcycle crash" (en-GB). BBC News (2021-10-29). Dáta rochtana: 2021-11-01.